← Ní tuisce a bhí sí thíos ná sháigh an madra rua í isteach i mála a bhí aige agus cheangail sé go daingean é. 🔊
← Chaith sé an mála suas ar a dhroim agus as go brách leis i dtreo a thí féin. 🔊
← "Tá sé chomh maith agam mo scíth a ligean go fóill mar tá sé luath sa lá fós agus beidh neart ama agam le dul abhaile," ar seisean leis féin. 🔊
← Ba ghearr go raibh sé ina chodladh go sámh. 🔊
← Bhí sé anonn go maith sa lá faoin am ar dhúisigh an madra rua. 🔊